Add To Favorites Contact Us
10:50 PM (Eastern Time)
3:50 AM (Standard Time)
Monday, September 06, 2010
Tuesday, September 7, 2010
Weather Network CNN News Irish News Online Globe & Mail Universal Currency Golden Pages Sports Illustrated CNN Money The Irish Times MapQuest.com mail2web (Secure) Canada 411
Home Page
About We Are Irish
The Irish Club
Link to We Are Irish
Irish Culture
Festivals & Events
Irish Canadian Clubs
Irish Pubs Canada
Irish Pubs Ireland
Irish Recipies
Irish Gift Shops
Irish/Canadian Map
Irish/Canadian Sports
Tourism
FAQ
Add To Favorites
Contact Us
 

Stair na Gaeilge

Baineann an Ghaeilge leis an mbrainse Ceilteach dár shíolraigh de theangacha ón Ind-Eorpais. Laistigh den Cheiltis, is de thraidisiún Gaelach na n-oileán í; ina theannta sin ar na hoileáin tá an traidisiún Breatnach a mbaineann an Bhreatnais, an Choirnis, agus an Bhriotáinis leis. Is é is dóichí gur tosaíodh ar theanga Cheilteach a labhairt ar dtús in Éirinn le linn do na Ceiltigh a bheith ag leathadh go tréan ar fud na hEorpa sna cianta, in am éigin nár dhéanaí ná an séú céad roimh Chríost.

Níl aon tuairisc ar fáil i scríbhinn ar an tréimhse ársa sin. Ní mór a cheapadh, áfach, gur bheag an caidreamh a bhíodh ag na Ceiltigh a d'áitigh in Éirinn leis na pobail Cheilteacha a lonnaigh sa Bhreatain agus ar an Mór-roinn, sa tslí nárbh fhéidir gan leagan ar leith Éireannach den Cheiltis a theacht chun cinn le haimsir. Is ar na scríbhinní in OGHAM, atá ar marthain ón gceathrú céad agus ina dhiaidh sin, atá an fhianaise is luaithe ar fáil ar an gCeiltis ar leith Éireannach sin, .i. an teanga Ghaelach a bhí faoin am sin ina hurlabhra ag an bpobal a bhí síolraithe ó na háitritheoirí Ceilteacha agus ó na daoine a bhí lonnaithe sa tír rompu. Thart ar mhíle bliain atá le háireamh idir na Ceiltigh á lonnú in Éirinn agus aimsir na scríbhinní OGHAIM, tréimhse fhada a dheimhneodh claochlú mór a bheith dulta ar urlabhra aon phobail. Ar an mbeagán focal atá caomhnaithe sna scríbhinní OGHAIM, lasmuigh d'ainmneacha pearsanta agus sloinnte, tá an focal inigena, .i. 'iníon'.

Ní miste a áireamh gur ó dheireadh an tséú céad atá taifead scríofa staire ar fáil ar dtús in Éirinn. Faoin am sin, cé go raibh meathchuimhne ag an bpobal ar chiníocha difriúla a bheith roimhe sin sa tír, ba í an teanga Ghaelach, san fhoirm a dtugtar Sean-Ghaeilge anois uirthi, an ghnáthurlabhra ar fud an oileáin, agus ina theannta sin bhí sí á leathadh go bríomhar in Albain agus i Manainn ag misinéirí agus ag imirceoirí eile ó Éirinn. Ba í an tSean-Ghaeilge, agus foirm beagán níos seanda di, an tSean-Ghaeilge Ársa, teanga Ré Órga na hÉireann. Is í an fhoirm is luaithe de na teangacha Ceilteacha, agus an ghnáthurlabhra lastuaidh de na hAlpa, a bhfuil scríbhinní líonmhara ar marthain inti. Sa tSean-Ghaeilge, bhí an focal OGHAIM inigena claochlaithe go ingen, gan an g séimhithe a bheith léirithe sa cheartlitriú.

Faoi dheireadh an naoú céad, bhí an tSean-Ghaeilge ag claochlú go dtí an fhoirm a dtugtar Meán-Ghaeilge anois uirthi, an leagan den teanga atá le samhlú go háirithe leis an tréimhse 900–1150. I dtús na tréimhse sin, bhí na Lochlannaigh á lonnú féin go tréan in Éirinn, i Manainn, agus in Albain, agus is léir caidreamh na nGael orthu ón bhflúirse focal de bhunús Lochlainnise atá ar fáil ó shin i bhfoclóir na Gaeilge; téarmaí a bhaineann le loingseoireacht agus le ceannaíocht atá go háirithe iontu. In ainneoin gur thréimhse cheannairce agus choimhlinte í, níor theip ar chultúr liteartha na nGael lena linn, agus tá scríbhinní iomadúla ar marthain sa Mheán-Ghaeilge. Ní raibh aon chlaochlú eile dulta ar an bhfocal ingen; bhí idir litriú agus fuaimniú gan athrú ó thréimhse na Sean-Ghaeilge.

Faoin dara leath de thréimhse na Meán-Ghaeilge, bhí cumhacht na Lochlannach ag meath, agus bhí ríshleachta éagsúla i gcoimhlint faoi cheannas Éireann agus Gael. Mar shampla, d'éirigh le ríshliocht Uí Bhriain Thuamhumhan ó uain go huain ceannsmacht a chur ar Áth Cliath Duibhlinne, ar Oileán Mhanann, agus ar Inse Gall, ar ríochtaí Lochlannacha roimhe sin iad. Ní foláir nó chuir a leithéidí sin d'imeacht dlús le hath-Ghaelú na bpobal arbh í an Lochlainnis ba threise roimhe sin iontu agus, thairis sin, ní foláir nó dhein an chorraíl sin go léir na canúintí réigiúnacha Gaeilge a bhí bunaithe le fada san am sin in Éirinn, in Albain, agus in Oileán Mhanann, a thabhairt chun ionannais. Is beag tréith neamhionannais is sine ná an tréimhse sin atá le haimsiú ag an anailís chomparáideach ar na canúintí Gaeilge atá á labhairt lenár linn féin in Éirinn agus in Albain.

Nuair a bhí tréimhse na Meán-Ghaeilge ag teacht chun deiridh, má tá, is é is dóichí go raibh koiné nua, .i. foirm ionannúil labhartha, ag teacht chun cinn i ngnáthurlabhra Gael. San am céanna, tar éis na ríochtaí Lochlannacha a bheith tugtha chun ionannais le Gaeil, b'fhairsinge líomatáiste na teanga ná riamh; ba í príomhtheanga na hÉireann, Oileán Mhanann, agus cuid mhór d'Albain í. Tharla go cinniúnach gur tosaíodh, i lár an dara céad déag, ar chóras na hEaglaise a leasú ó bhonn i ndúichí na nGael; tugadh Oird Rialta nua isteach ón Mór-roinn, agus de réir a chéile chuaigh scoileanna oidhreachtúla tuata i bhfeighil ar an léann dúchais. Tháinig norm nua liteartha chun cinn sna scoileanna tuata sin, norm ba dhlúithe i gcomhréiteach le foirmeacha comhaimseartha na teanga labhartha agus, faoi dheireadh an dara céad déag, bhí tosaithe ar an norm sin a ghnáthú ar fud an tsaoil Ghaelaigh. Chuir sin tús le tréimhse fhíorthábhachtach den teanga Ghaeilge, .i. tréimhse na Nua-Ghaeilge Luaithe a mhair ó 1200 go 1650, nó mar sin. De ghnáth anois, tugtar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach ar an leagan den Nua-Ghaeilge Luath a mhúintí mar norm liteartha sna scoileanna, ach is minic nach ndéantar aon idirdhealú idir na téarmaí Nua-Ghaeilge Luath agus Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. I norm lánfhoirfe na Nua-Ghaeilge Clasaicí, is é an litriú inghean a bhí tagtha in ionad ingen na Sean-Ghaeilge, ach is beag athrú a bhí ar an bhfuaimniú go fóill.

Le linn don Mheán-Ghaeilge a bheith ag claochlú i dtreo na Nua-Ghaeilge Luaithe, bhí na hAngla-Normannaigh tosaithe ar lonnú in Albain i ndeireadh an aonú céad déag, agus in Éirinn sa trian deiridh den dara céad déag. Dá dheascaibh sin, thosaigh an Ghaeilge ag dul ar gcúl in Albain agus, laistigh de thrí chéad bliain, bhí Galltacht na hAlban lánbhunaithe. Chuir gabháltas na nAngla-Normannach tús le tréimhse ilteangachais in Éirinn, ach d'fhan an Ghaeilge in uachtar agus, de réir a chéile, tugadh na pobail uile chun Gaelachais. Faoi thús an tséú céad déag, ba chainteoirí Gaeilge formhór mór phobal na hÉireann arís.

Ina ainneoin sin, áfach, d'éilíodh na húdaráis sna príomhbhailte gurbh é an Béarla a d'úsáidfí i ngnóthaí foirmiúla riaracháin agus dlí. Tharla, mar sin, nach ndearnadh teanga riaracháin i mbailte riamh den Ghaeilge, agus nár bhain pobal na Gaeilge neamhspleáchas polaitiúil amach choíche arís. Ina choinnibh sin, i ré na Nua-Ghaeilge Luaithe in Éirinn agus i nGaeltacht na hAlban, bhí tagtha chun cinn tiarnais neartmhara ar den dúchas Gaelach iad, agus thug siad lántacaíocht do theanga agus d'aosa léinn na Gaeilge. Cloíodh na tiarnais Ghaelacha sin diaidh ar ndiaidh de réir mar a chuir na monarcachtaí in Albain agus i Sasana chun a gceannas a threisiú sna dúichí a raibh teideal acu orthu. Faoin mbliain 1545, nuair a cailleadh an Tiarna Domhnall Dubh, bhí críoch le Tiarnas na nOileán in Albain; ba é an tiarnas ba chumhachtaí ar fad orthu é, b'fhéidir. In Éirinn, tar éis choncas na dTiúdar agus na Stíobhardach agus a gcuid plandála (1534–1610), tar éis Phlandáil Chromail (1654), agus tar éis Chogadh an Dá Rí agus achtú na bPéindlíthe a lean sin, bhí aicmí ceannais phobal na Gaeilge go hiomlán ar lár agus a gcuid institiúidí cultúrtha scriosta. Ina n-ionad bhí tiarnaí nua talún agus meánaicme nua sna príomhbhailte a bhí tar éis aistriú go hÉirinn ó Shasana agus ó dheisceart Alban. Bhunaíodar siúd córas nua polaitiúil arbh é an Béarla aon teanga na rialaíochta agus na bhforas poiblí. Ar deireadh thiar, bhí a stádas mar mhórtheanga caillte go deo ag an nGaeilge. Ba í an Ghaeilge teanga fhormhór phobal na tuaithe i gcónaí agus, go ceann tréimhse, ba í a bhí chomh maith ag an lucht oibre sna bailte. Ba í seo tréimhse na Nua-Ghaeilge Iar-Chlasaicí sa teanga scríofa, nuair a bhí an traidisiún liteartha á chothú chomh fada lena n-acmhainn ag dílseoirí, ar cheardaithe, fheirmeoirí, mháistrí scoile, agus shagairt iad. Is inghean a bhí fós mar ghnáthlitriú ar an bhfocal a raibh ingen sa tSean-Ghaeilge air, ach is áirithe gur fuaimniú nua-aimseartha a thugtaí anois dó.

Ó lár an ochtú céad déag, de réir mar a bhí lascaine ag teacht sna péindlíthe, agus méadú ar dheiseanna sóisialta agus eacnamaíochta ag an seanphobal Gaelach, thosaigh an chuid ba rafaire orthu ar dhul le gnás na meánaicme gallda agus le Béarla a labhairt. Dá dheascaibh sin, tosaíodh ar Ghaeilge a shamhlú le bochtanas agus le hainnise an tsaoil. Mhéadaigh ar an gclaonadh sin tar éis Acht na hAontachta sa bhliain 1800, agus chuaigh go tubaisteach chun donais de dheascaibh an Ghorta Mhóir (1846–48) agus de dheascaibh na heisimirce a lean sin. Faoin mbliain 1891, bhí líon na gcainteoirí Gaeilge laghdaithe go 680,000 agus, de réir dhaonáireamh na bliana sin, ní raibh ach 3.5% den ghrúpa a bhí faoi bhun deich mbliana d'aois a raibh Gaeilge acu. De réir gach cosúlachta, bhí an teanga i bponc an bháis, ach d'éirigh gluaiseacht bhríomhar athbheochana a tharrtháil ón éag í.

Chomh luath le blianta déanacha an ochtú céad déag, bhí spéis á cur ag an lucht léinn i measc na haicme ceannais in Éirinn i dteanga agus i litríocht na Gaeilge. Ba í an fhianaise ba dheimhnithí air sin ná an duanaire, Reliques of Irish Poetry, a d'fhoilsigh Charlotte Brooke sa bhliain 1789. Ba thoradh ar an nGluaiseacht Rómánsúil é, ach ba thús tábhachtach é ar litríocht shaolta na Gaeilge a fhoilsiú, cé gur go mall stadach a tháinig an forás in inmhe. Ar ball, de réir mar ba léire an teanga a bheith ag meath le himeacht an naoú céad déag, thosaigh imní faoi bhuanú na teanga labhartha ag dul lastuas den spéis sa litríocht. Dhein Tomás Dáibhis abhcóidíocht áititheach ar son na Gaeilge agus, sa bhliain 1843, ba é ba thúisce a thug 'an teanga náisiúnta' go poiblí uirthi, téarmaíocht a leanadh i mBunreacht 1922 agus i mBunreacht 1937. D'éirigh le Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1876, aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge ar gach leibhéal den chóras oideachais ó bhunscolaíocht go hollscolaíocht.

Sa bhliain 1893, bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh, agus roinnt eile, Conradh na Gaeilge, agus in aga beagán blianta dhein siad mórghluaiseacht tacaíochta ar son na Gaeilge de. Chuir an ghluaiseacht nua sin ardluach go háirithe sa teanga faoi mar a bhí sí á labhairt sna pobail Ghaeltachta a bhí fós ar marthain, mar gurbh í sin croílár an dúchais a bhí le caomhnú. Dá thoradh sin, tuigeadh gurbh í 'caint na ndaoine' an treoir feasta faoi cheartghnás na Gaeilge sa teagasc agus sa litríocht. Ón machnamh sin, tosaíodh ar an litriú agus ar ghramadach na teanga scríofa a thabhairt chun réitigh leis an nuatheanga labhartha. Cuireadh an crot deiridh ar na leasuithe sin sa Chaighdeán Oifigiúil a d'fhoilsigh Rialtas na hÉireann sa bhliain 1958. Sa chaighdeán nua seo, is iníon an litriú atá ar inghean na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus é á aithint go soiléir ann gur guta fada simplí atá anois sa dara siolla.

http://www.forasnagaeilge.ie/language/default.asp?toggle=yes&lang=ga&catID=6







Copyright © 2010 McKenny Web. All rights reserved.
Web Design By Doncor.com
Visit The Web Designer